English:
Gaeilge to be the primary language of an international jamboree in Ireland for the first time
Scouting Ireland has launched JamboRí 28, an international Scout jamboree that will bring almost 5,000 young people and adult volunteers together at Stradbally Hall, Co. Laois, from 12 to 20 July 2028.
The event will be Ireland’s first international Scout jamboree in ten years and the largest single gathering of Scouts on the island of Ireland since before the Covid-19 pandemic.
For the first time at an international jamboree hosted in Ireland, Irish will be the main language used across the event, with English used as a secondary language. Irish will be promoted throughout the campsite, with Irish being the spoken language for a Gaeltacht sub-camp, and incorporated into the jamboree programme, offering visiting international Scouts an opportunity to experience the language as a living and central part of Irish culture.

JamboRí 28 Camp Chief Tara McGrath said: “Irish will be heard and seen throughout the campsite and woven into the overall jamboree experience. Interest in the language has grown strongly in recent years, especially within Scouting, and JamboRí 28 gives us a unique opportunity to share it with Scouts from around the world in a welcoming and inclusive way.”
The jamboree will celebrate international friendship, youth participation and the shared values of Scouting. Scouting Ireland, one of the largest youth movements on the island of Ireland, will introduce overseas visitors to Irish culture and the Irish Scouting tradition.
Scouting Ireland Chief Scout Eoin Callanan said: “A jamboree allows young people from different countries and backgrounds to live, learn and enjoy new experiences together. While they may arrive speaking different languages and representing different Scouting traditions, they share the same spirit of friendship, adventure and service.
“We are incredibly proud that Ireland will host this international gathering in 2028. Our ambition is to create an event that young people help to shape and one where every participant feels welcomed, included and able to play a meaningful part.”
The jamboree will begin with an opening ceremony and include six days of programme activities across the nine-days of the event. A dedicated reset day will also allow Beaver Scouts, aged six to eight, and Cub Scouts, aged nine to eleven, from across Ireland to visit the campsite and take part in the celebrations.
Scouting Ireland CEO, Seán Sheehan, said: “With nearly 30,000 youth members in over 420 Scout Groups, Scouting Ireland has a strong and active presence in communities across the island. JamboRí 28 will build on that strength by bringing our members together with Scouts from around the world for the first international jamboree hosted in Ireland in a decade.
“This is also an important opportunity to strengthen the international relationships at the heart of the global Scouting movement. We want JamboRí 28 to leave a lasting legacy by creating new friendships, encouraging greater international exchange and inspiring even more young people to become involved in Scouting.”
JamboRí 28 will mark the beginning of Scouting Ireland’s renewed jamboree programme, with the organisation planning to host a similar-sized gathering every four years following the 2028 event.
Gaeilge:
Gasógana hÉireann ag seoladh JamboRí 28, an chéad jamboree idirnáisiúnta Gasóga le deich mbliana.
Beidh an Ghaeilge mar príomh theanga an jamboree den chéad uair riamh.
Inniu sheol Gasóga na hÉireann JamboRí 28. Is jamboree idirnáisiúnta é seo, agus tabharfar níos mó ná 5,000 daoine óga agus Ceannairí deonacha le chéile ag Stradbally Hall, Co. Laoise, ón 12 go 20 Iúil, 2028.
Beidh sé mar an chéad jamboree Gasóg le deich mbliana anuas. Chomh maith leis sin, beidh níos mó Gasóg ag teacht le chéile in aon áit amháin ná mar a bhí le chéile ar oileán na hÉireann ó bhí paindéim Covid-19.
Is é seo an chéad uair riamh go mbeidh an Ghaeilge in úsáid mar an príomh theanga le linn jamboree idirnáisiúnta in Éirinn. Beidh an Béarla mar an teanga táinisteach. Cuirfear an Ghaeilge chun cinn ar fud an láthair champála. Beidh sí mar an teanga labhartha don fho-champa Gaeltachta, agus beidh sí curtha san áireamh mar chuid de chlár an jamboree. Beidh an deis ag Gasóga idirnáisiúnta taithí a fháil ar an teanga mar chuid lárnach bheo de chultúr na hÉireann.
Dúirt Ceannasaí Champa JamboRí 28, Tara McGrath: "Cloisfear agus feicfear an Ghaeilge ar fud an ionaid champála, agus beidh sí fite fuaite trí eispéireas an jamboree ar fad. Tá spéis sa teanga ag méadú go mór le blianta beaga anuas, i measc na nGasóg chomh maith. Tugann JamboRí 28 deis ar leith dúinn í a roinnt le Gasóga ó na ceithre hairde ar shlí mhuintheartha tharraingteach."
Ag an jamboree, déanfar ceiliúradh ar bhunluachanna coiteanna na Gasógaíochta, ar rannpháirtíocht daoine óga, agus ar an gcairdeas idirnáisiúnta. Is é Gasóga na hÉireann ceann de na heagraíochtaí óige is mó ar oileán na hÉireann. Cuirfear blaiseadh de chultúr na hÉireann agus de thraidisiún Gasógaíochta na hÉireann os comhair na nGasóg ó thíortha thar lear.
Dúirt Eoin Callanan, Príomh-Ghasóg na nÉireann: "Tugann jamboree an deis do dhaoine óga ó thíortha agus ó chúlraí difriúla a bheith ina gcónaí le chéile, ag foghlaim óna chéile, agus ag baint taitneamh as eachtraí nua difriúla le chéile. Tá an spiorad céanna acu i gcoitinne, ó thaobh cairdeas, eachtraíocht agus seirbhís don phobal, cé go labhraíonn siad teangacha difriúla agus go nglacann siad páirt i dtraidisiúin dhifriúla Gasógaíochta.
"Is ábhar bróid dúinn go gcuirfidh Éire fáilte roimh an teacht le chéile idirnáisiúnta seo in 2028. An uaillmhian atá againn ná ócáid a chur le chéile ina gcuirfidh na daoine óga iad féin cruth ar na heachtraí difriúla. Ba mhaith linn go mothóidh gach duine go bhfuil fáilte rompu, agus go mbeidh siad mar chuid lárnach bríomhar den mhórimeacht.”
Tosóidh JamboRí 28 le searmanas oscailte, agus beidh sé lá gníomhaíochtaí ann, mar chuid de chlár naoi lá na hócáide. Beidh lá faoi leith nuair a chuirfear fáilte roimh Ghasóga Béabhair (aois 6-9) agus Gasóga Macaoimh (aois 9-11) ó cheann ceann na tíre. Tabharfaidh siad cuairt ar an ionad campála agus glacfaidh siad páirt san ócáid don lá.
Dúirt Seán Sheehan, Príomhfheidhmeannach Ghasóga na hÉireann: "Le beagnach 30,000 ball in os cionn 420 Grúpa Gasóg, tá Gasóga na hÉireann mar chuid láidir ghníomhach de phobail bheaga agus mhóra ar fud oileán na hÉireann. Cuirfidh JamboRí 28 leis an láidreacht sin, trí ghasóga Éireannacha a thabhairt le chéile le Gasóga ó gach cearn de domhann, don chéad jamboree idirnáisiúnta a bhí in Éirinn le deich mbliana anuas.
"Is deis thábhachtach é seo freisin chun cur leis an gcairdeas agus leis an muintearas idirnáisiúnta atá mar chroílár na gluaiseachta Gasógaíochta domhanda. Táimid ag iarraidh go mbeidh oidhreacht bhuan ag JamboRí 28 ar Ghasógaíocht, trí chairdeas nua a chothú, trí thuilleadh naisc idirnáisiúnta a dhéanamh, agus trí níos mó daoine óga a spreagadh i dtreo na Gasógaíochta."
Beidh JamboRí 28 mar thús iontach ar chlár nua jamboree Ghasóga na hÉireann. Tá an eagraíocht ag súil le tionól dá leithéid a bheith acu gach ceithre bliana as sin amach.

